News‎ > ‎

Turas Teanga CLG 2015 le Glór na nGael

posted 5 Mar 2015, 13:12 by St. James Gaels
A chara,

Is mise Nóirín Bairéad agus tá mé nua-fhostaithe mar Oifigeach Forbartha do Bhaile Átha Cliath le Glór na nGael. Ba mhaith liom mé féin a chur in aithne duit agus na deiseanna agus na tacaíochta éagsúla atá ar fáil do chlubanna CLG don Gaeilge a chur chun cinn agus í a fhorbairt.

Iarrfar ar na clubanna CLG páirt a ghlacadh sa Turas Teanga 2015. Ní ghá ach clárú linn agus tiomantas a léiriú ar son fhorbairt na Gaeilge de, le cúnamh ó Ghlór na nGael & Coiste Naisiúnta na Gaeilge. Téann gach club a chláraíonn linn le haghaidh Turas Teanga 2015 isteach i gcomórtas le duais-ciste ar luach €15000 le buachan.

Chomh maith leis sin tá pacáiste tacaíochta ar luach €50 ar fáil do gach club le treoir agus tacaíocht ar fáil óna hOifigigh Forbartha Ghlór na nGael chomh maith.

Faoi láthair, táimid i lár tionscnamh a fhorbairt ag díriú ar scéim comhmhaoiniú a chruthú idir an chlub, Páirc an Chrócaigh agus Glór na nGael mar bhreis thacaíocht do gníomhachtaí Gaeilge amháin sa chlub.

Iniata leis an ríomphost seo tá cóip dár mbróisiúr Turas Teanga, agus an fhoirm iarratais leis. Tabhair faoi deara go bhfuil táille cláraithe €30 ann.

Má bhíonn aon cheist agat nó breis eolas uait, bhéinn lán sásta cruinniú gairid a shocrú leat ar do chaoithiúlacht nó leis an Oifigeach Gaeilge má bhíonn duine ar bith agaibh ag obair ar son na Gaeilge de.

My name is Nóirín Bairéad and I have been recently appointed as Development Officer for Dublin with the Irish language organisation Glór na nGael. I would like to formally introduce myself while making you aware of the supports and opportunities available to GAA clubs for the promotion and development of the Irish language.
We are asking clubs to join us for Turas Teanga 2015. This simply means, registering your club and making a commitment to developing inititatives which will promote and encourage the use of the Irish language. Upon registration, each club will receive an Irish language support package from Glór na nGael to the value of €50 and will automatically be entered into our national competition which includes a prize fund worth €15,000.

We are also currently in the process of developing an initiative which aims to strengthen the supports available for Irish language events within the club through a match-funding scheme between the club, Glór na nGael and Croke Park.

Please find attached a copy of our Turas Teanga brochure which includes the application form. Please note there is a €30 registration fee.

If you have any questions or would like to discuss all of the above further, I would be more than happy to arrange a brief meeting with you or the club's Irish Officer at a time and date that is convenient for you.

Le gach dea-mhéin,

Nóirín Bairéad
Oifigeach Forbartha
noirin@glornangael.ie | 00353 83 4450720

Suíomh Ghréasáinwww.glornangael.ie

Comments